Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair tháinig an lá, do ghlaodh sé chuige a dheisceabail: agus do thogh sé dáréag aca, d’as ghoir sé apstail;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ansin nuair a tháinig an lá, ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus thogh sé dáréag amach astu, ar thug sé aspail orthu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus nuair a tháinic an lá, ghoir sé chuige a dheisciobail, agus thogh sé dáréag acu, (a dtug sé Abstail ortha).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Agus nuair a bhí ina lá, ghair sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:13
20 Tagairtí Cros  

Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;


Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire.


Agus do chruinnigh na h‐abstail chum Íosa; agus d’inniseadar dó gach nidh, a raibh déanta aca, agus a raibh múinte aca.


Agus do ghlaodh sé chuige an dá‐réag, agus do thosnuigh sé ar a gcur amach ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus thug sé ceannas dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana;


Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha;


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a dhearbhráthair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parthalán,


Annsin adubhairt na deisceabail eadortha féin, An féidir go dtug aoinneach rud le n’ithe chuige?


Agus ar dteacht isteach dhóibh, chuadar suas go dtí an seomra uachtarach, mar a raibh siad ’n‐a gcómhnaidhe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán agus Matha, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Shéamais.


atá sibh tógtha ar bhun na n‐abstal agus na bhfáidh gur ab é Críost féin an phríomh‐chloch chúinne dhe;


Agus thug sé daoine áirithe chum bheith ’n‐a n‐abstalaibh; cuid chum bheith ’n‐a bhfáidhibh; cuid chum bheith ’n‐a soiscéalaidhthibh; agus cuid chum bheith ’n‐a n‐aodharaibh agus ’n‐a dteagascthóiribh;


Uime sin, a bhráithre naomhtha, a rannpháirtidhthe san ngairm neamhdha, breathnuighidh Abstal agus Árd‐Shagart an chreidimh admhuighmíd, Íosa Críost;


chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh:


Agus do nochtadh cómhartha mór san spéir; bean, agus an ghrian mar chlúdach uirthi, an ghealach fá n‐a cosaibh, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;


Déanaidh gáirdeachas mar gheall uirthi, a fhlaitheasa, agus a naomha, sibh‐se a abstala agus sibh‐se a fháidhe; óir atá díoghaltas déanta uirthi ag Dia dhaoibh.


Agus do bhí dhá fhotha déag fá’n gcathair, agus dhá ainm déag dhá abstal déag an Uain ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí