Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Lá de na laethanta úd chuaigh sé amach faoi na sléibhte a dhéanamh urnaí, agus chaith sé an oíche ar fad ag guí Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus thárla ins na laethe sin, go ndeachaidh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe, agus thug sé an oidhche ag guidhe Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus tharla ins na laethibh sin, go ndeachaidh sé amach ar an gcnoc chum urnaighe do dhéanamh; agus d’fhan sé ar feadh na h‐oidhche ag guidhe chum Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar shlíabh do dhéunamh úrnaighe, agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:12
23 Tagairtí Cros  

Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air.


Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann.


Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.


Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.


Agus d’imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe.


Agus bhíodar-san lán de mhí-chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.


Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige,


Agus do tharla, nuair a bhí sé i n’aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n’fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise?


Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.


Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach.


Agus d’imthigh Íosa an cnoc suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí