Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Gach aoinne a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Tabhair uait don uile dhuine a iarras ort; agus ná hiarr ar an té a bheireas a bhfuil agat uait é a thabhairt ar ais.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Tabhair do gach aoinneach a iarras ort, agus ná h-iarr thar ais do chuid féin ar an té a bheir uait é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Tabhair dó‐san iarras nidh ort; agus an té thógas do chuid uait, ná h‐éiligh air arís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus tabhuir do gach neach íarrus ort; agus ón te thógbhás do chuid úait ná híarr air ais é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:30
29 Tagairtí Cros  

Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.


Ach deirim-se libh-se gan cur i n-aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis.


Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh.


Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise.


Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile; agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith.


Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh deinidh-se leó.


Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.


Tá gach aon nídh taisbeánta agam daoibh, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóirithint ar na daoine laga, agus cuimhneamh ar bhriathar an Tighearna Íosa mar go ndubhairt sé féin: Is mó an t-aoibhneas go mór rud a bhronnadh ná rud a ghlacadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí