Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 “Is beannaithe sibh nuair a bhíos fuath ag daoine oraibh, agus nuair a dhiúltaíos siad daoibh agus nuair a labhraíos siad olc fúibh, agus nuair a shéanas siad bhur n‑ainm go drochmheasúil mar mhaithe le Mac an duine!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Is beannuighthe a bhéas sibh, nuair a bhéarfas na daoine fuath díbh, agus a chuirfeas siad as a gcuideachta sibh, agus bhéarfas siad tarcuisne díbh, agus a chaithfeas siad bhur n-ainm uatha amach mar droch-rud, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 “Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 “Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:22
29 Tagairtí Cros  

Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.


Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar.


An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.


Agus chaitheadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. Cad a déanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san?


Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ainim-se.


Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.


Ach sa n-am gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad.


Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia.


Thugas-sa dhóibh do bhriathar-sa; agus do thug an saoghal fuath dhóibh, óir ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise.


Ní féidir do’n tsaoghal fuath a thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá fiadhnaise agam ’á dhéanamh ’n-a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h-olc.


D’fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a geineadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do theagasg? Agus do chomáineadar amach é.


D’éisteadar leis go dtáinig an focal san. Anran d’árduíghdar a nglór agus dubhradar: Cuir as an saoghal a leithéid sin. Ní cóir é bheith beó.


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an domhain agus ’n-a cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénach.


Mar taisbeánfadsa dó cad iad na néithe móra atá le fulang aige ar son m’ainime.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí