Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 “Is beannaithe sibh nuair a bhíos fuath ag daoine oraibh, agus nuair a dhiúltaíos siad daoibh agus nuair a labhraíos siad olc fúibh, agus nuair a shéanas siad bhur n‑ainm go drochmheasúil mar mhaithe le Mac an duine!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Is beannuighthe a bhéas sibh, nuair a bhéarfas na daoine fuath díbh, agus a chuirfeas siad as a gcuideachta sibh, agus bhéarfas siad tarcuisne díbh, agus a chaithfeas siad bhur n-ainm uatha amach mar droch-rud, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 “Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 “Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:22
29 Tagairtí Cros  

agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.


Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar.


Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é.


Agus do chaitheadar as an bhfíonghort amach é, agus do mharbhadar é. Créad do‐ghéanaidh tighearna an fhíonghuirt leo annsin?


Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma.


Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe.


Do bhí mórán de na h‐uachtaránaibh féin, ámh, do chreid ann; acht, mar gheall ar na Fairisíneachaibh níor admhuigheadar é, ar eagla go gcuirfidhe amach as an tsionagóig iad:


Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé.


Thugas‐sa dhóibh do bhriathar‐sa; agus thug an saoghal fuath dhóibh, de chionn nach de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise.


Ní fhéadann an saoghal fuath do thabhairt daoibh‐se; acht atá fuath aige dhamh‐sa, de bhrigh go dtugaim fiadhnaise ’n‐a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h‐olc.


D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is i bpeacaidhibh ar fad rugadh thusa, agus an ag tabhairt teagaisc dúinne atáir? Agus do chaitheadar amach é.


D’éisteadar leis go dtí an focal sin; annsin d’árduigheadar a nglór, agus adubhradar, Curtar a leithéid sin de’n tsaoghal; óir ní cóir é bheith beo.


Is amhlaidh fuaramar an fear so ’n‐a ughdar tubaiste agus ’n‐a adhbhar ceannairce i measc na nIúdach ar fud an domhain, agus é ’n‐a cheann ar aicme na Nasardhach:


óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é.


Acht má fhulaingeann sibh ar son na fíréantachta féin, is aoibhinn daoibh: agus ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san, agus ná bíodh buaidhirt oraibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí