Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 “Is beannaithe sibhse a bhfuil ocras oraibh anois, mar gheobhaidh sibh bhur sá. “Is beannaithe sibh atá ag caoineadh anois, mar beidh sibh ag gáire.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Is beannuighthe sibh-se, a bhfuil ocras oraibh anois, óir gheobhaidh sibh bhur sáith. Is beannuighthe sibh-se, atá ag gol anois, óir béidh sibh ag gáiridhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 “Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. “Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 “Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. “Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:21
56 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn dóibh‐sean do‐ghní dobrón, mar do‐gheobhaid sólás.


Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.


Do líon sé lucht an ocrais d’oll‐mhaitheasaibh; Agus do chuir sé folamh uaidh lucht an tsaidhbhris.


Annsin, ag tabhairt súl ar a dheisceablaibh dó, adubhairt sé, Is aoibhinn daoibh‐se atá bocht: oir is libh ríoghacht Dé.


Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine.


Is mairg daoibh‐se atá sáitheach anois! óir béidh ocras oraibh. Is mairg daoibh‐se atá ag gáiridhe anois! óir béidh sibh ag caoi agus ag gol.


Do bhris a ghol ar Íosa.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Dá mb’ eol duit tabhartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á rádh leat, Tabhair dhom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐bhéarfadh sé uisce beo dhuit.


Adubhairt Íosa leo, Is mise arán na beathadh: an té thig chugam‐sa, ní bhéidh ocras go bráth air, agus an té chreideas ionnam‐sa, ní bhéidh tart go bráth air.


Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnocht, agus tugtar droch‐íde orainn, agus ní fhuil aon chómhnaidhe bhuan againn;


i saothar agus i gcruadhtan, i bhfaireachán go minic, i dtroscadh go minic, fá ocras agus fá lomnochtaighe.


D’á bhrigh sin bainim aoibhneas as na laigeachtaibh, as na maslaibh, as na géirleanamhaintibh, as na h‐anachnaibh, ar son Chríost, óir is i n‐am mo laige is mó bhím láidir.


mar dhaoine brónacha, acht ag déanamh áthais i gcómhnaidhe; mar dhaoine bochta, acht ag bronnadh saidhbhris ar a lán; mar dhaoine nach bhfuil rud ar bith aca, acht gur leo gach uile rud.


Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é.


Agus do chualas árd‐ghlór ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Féach, atá tabernacal Dé ag daoinibh, agus déanfaidh sé cómhnaidhe i n‐éinfheacht leo, agus béidh siad ’n‐a bpobal aige, agus béidh Dia féin ’n‐a bhfochair, agus béidh sé aca mar Dhia:


Ní bhéidh ocras ná tart ortha choidhche; agus ní bhuailfidh an ghrian ná aon teas loiscneach ortha: óir an tUan atá i lár na righ‐chathaoireach,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí