Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus is é a dúirt Íosa á bhfreagairt, “An é nach bhfuil sin léite agaibh, an ní a rinne Dáibhí nuair a bhí an t‑ocras air féin agus ar a lucht leanúna:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfeagairt: An é nár léigh sibh an nídh seo a rinne Dáibhidh, nuair a bhí ocras air féin agus ar an méid a bhí ina chuideachta?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, An é nár léigheabhar i dtaobh Dháibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na fharradh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus dʼfhreagair Íosa iad dá rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus d'fhreagair Íosa iad á rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh -

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:3
10 Tagairtí Cros  

Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé:


Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?


Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne.


Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh:


Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air.


Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá ’n-a cloich chinn cúinne;


I dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí