Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht adeirim libh‐se atá ag éisteacht liom, Tabhraidh grádh do bhúr náimhdibh, déanaidh maith dhóibh‐sean do‐bheir fuath dhaoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 “Ach deirim é seo libh, an méid atá ag éisteacht liom, Tugaigí grá do bhur naimhde, déanaigí an mhaith do lucht bhur bhfuatha,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Acht deirim libh-se atá ag éisteacht: Grádhuighigidh bhur náimhde; déanaigidh maith dóbhtha sin a thug fuath díbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: Tugaidh grádh d’bhúr namhaid, deinidh maith do’n mhuintir a thabharfaidh fuath daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 “Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 “Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:27
22 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire do’n méid chloiseas sibh: an tómhas ’n‐a dtómhaiseann sibh, is é sin an tómhas ’n‐a dtómhaisfear chugaibh: agus do‐bhéarfar tuilleadh dhaoibh.


Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.


Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine.


Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige.


Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


Acht do ghlaodh Pól de ghuth árd, g‐á rádh, Ná déan aon díoghbháil ort féin: atáimíd uile annso.


Agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do ghlaodh sé de ghuth árd, A Thighearna, ná cuir an peacadh so ’n‐a leith. Agus, ar n‐a rádh sin dó, do thuit a chodladh air. Agus do bhí Saul ag aontú le n‐a bhás.


Mar sin de, do réir mar bhíos an uain againn, déanaimís an mhaith do’n uile dhuine, go mórmhór do lucht tighe an chreidimh.


Féachaidh chuige nach dtiubhraidh aoinneach an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; acht leanaidh i gcómhnaidhe do’n mhaith eadraibh féin agus i dtaobh an uile dhuine.


A chara ionmhain, ná déan aithris ar an olc, acht ar an mhaith. An té chleachtas an mhaith, is ó Dhia atá sé: an té chleachtas an t‐olc, ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí