Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 6:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Tabhraidh beannacht dóibh‐sean do‐bheir mallacht daoibh, déanaidh guidhe ortha‐san do‐ghní tromaidheacht oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 beannaígí an dream a chuireas a mallacht oraibh, déanaigí urnaí ar son an dreama a bhíos ag fonóid oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Iarraigidh beannacht ar na daoine a bhíos ag mallachtaigh oraibh, agus guidhigidh ar son na ndaoine a bhíos ag cur bhréag oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Tugaidh beannacht do’n mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:28
13 Tagairtí Cros  

acht adeirim‐se libh, Bíodh grádh agaibh d’bhúr námhdibh, agus guidhidh ar son na ndaoine do‐ghní géir‐leanamhain oraibh;


Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.


Acht adeirim libh‐se atá ag éisteacht liom, Tabhraidh grádh do bhúr náimhdibh, déanaidh maith dhóibh‐sean do‐bheir fuath dhaoibh.


Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.


Agus nuair d’éirigh droch‐fhuadar fá na Cineadhachaibh agus fá na h‐Iúdachaibh mar aon le n‐a riaghlóiribh, chum droch‐íde do thabhairt ortha, agus gabháil de chlochaibh ortha, do chonnacthas dóibh é,


Agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do ghlaodh sé de ghuth árd, A Thighearna, ná cuir an peacadh so ’n‐a leith. Agus, ar n‐a rádh sin dó, do thuit a chodladh air. Agus do bhí Saul ag aontú le n‐a bhás.


Tabhraidh beannacht do na daoinibh do‐ghní géirleanmhain oraibh; tabhraidh beannacht agus ná tabhraidh mallacht.


bímíd ag obair go dian le n‐ár lámhaibh féin: nuair masluightear sinn, do‐bheirimíd beannacht; nuair do‐ghnítear géirleanmhain orainn, fulaingmíd leis;


tagann beannú agus mallú amach as béal amháin. A bhráithre, ní fhuil sé ceart sin do bheith amhlaidh.


gan olc do dhéanamh i n‐éiric an uile, ná athcháineadh do thabhairt i n‐aghaidh cáinte, acht ’n‐a ionad sin, beannacht; óir is chuige sin do glaodhadh sibh, go bhfaigheadh sibh beannacht mar oidhreacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí