Lúcás 6:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)43 Óir ní fhuil crann maith do‐bheir droch‐thoradh; ná droch‐chrann do‐bheir toradh maith. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)43 “Mar ní bhíonn dea-chrann ann a thugas drochthoradh, nó drochchrann ann a thugas dea-thoradh; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara43 Óir ní fhuil crann maith a bheir droch-thoradh uaidh, ná crann olc a bheir déagh-thoradh uaidh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)43 Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)43 Óir ní’l crann fóghanta a thugann droch-thoradh uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201243 Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198143 Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Féach an chaibidil |
Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.