Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Óir as a thoradh is eadh aitheantar gach crann. Óir ní bailightear figí de dheilgnigh, ná ní bailightear caora fíneamhna de dhriseoig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Óir aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní chruinnigheann daoine fígí de chrainn spíona, agus ní bhaineann siad caor fhíneamhna de dhreasóig.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Mar aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear figí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:44
7 Tagairtí Cros  

Déanaidh an crann maith agus a thoradh maith; nó déanaidh an crann lobhtha agus a thoradh lobhtha: óir ar a thoradh is eadh aithnightear an crann.


Ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. An mbailightear caora fíneamhna de’n driseach, nó figí de na feochadánaibh?


D’á bhrigh sin, ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad.


An bhféadann crann fige, a bhráithre, caora crainn ola do thabhairt, nó crann fineamhna figí do thabhairt? Ní fhéadann, agus ní mó fhéadas uisce guirt fíor‐uisce do thabhairt.


Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí