Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

45 Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

45 Tairgeann an déag-dhuine an mhaith as déagh-stór a chroidhe, agus tairgeann an droch-dhuine an t-olc as a dhroch-stór. Óir labhrann an béal an rud a mbíonn an croidhe lán de.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

45 Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an droch-rud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

45 Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:45
31 Tagairtí Cros  

An té chreideas ionnam‐sa, mar adubhairt an scrioptúir, rithfidh as a bhroinn sruthanna uisce bheo.


Acht adubhairt Peadar, A Ananiais, cad chuige ar líon Sátan do chroidhe, go n‐innseochá bréag do’n Spiorad Naomh, agus cuid de luach na talmhan do chongbháil?


Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;


Ná leigidh d’aon droch‐chainnt teacht as bhur mbéal, acht cainnt fhóghanta rachas chum tairbhe, do réir mar bhéas gábhadh léi, chum go dtiubhraidh sí grása do’n lucht éisteachta.


ag labhairt le chéile i salmaibh, agus i n‐iomnaibh, agus i ndántaibh spioradálta, ag cantaireacht agus ag déanamh ceoil ’n‐bhur gcroidhe do’n Tighearna;


Déanadh briathar Críost cómhnaidhe go fairsing san uile eagna ionnaibh; ag múineadh agus ag spreagadh a chéile le salmaibh, agus le h‐iomnaibh, agus le dántaibh spioradálta, ag cantaireacht do Dhia le grása ’n‐bhur gcroidheachaibh.


Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach.


Óir is é seo an connradh dhéanfad le teaghlach Israel Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna: Cuirfead mo dhlighthe isteach ’n‐a n‐aigne, Agus scríobhfad ar a gcroidhe iad: Agus béidhead im’ Dhia aca, Agus béidh siad‐san ’n‐a bpobal agam:


chum breitheamhnas do dhéanamh ar chách, agus chum na daoine neimh‐dhiadha do dhaoradh i n‐éiric na ngníomhartha neimh‐dhiadha atá déanta go neimh‐dhiadha aca, agus ar son na bhfocal masluightheach atá ráidhte ag peacachaibh neimh‐dhiadha ’n‐a aghaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí