Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Cad é mar fhéadann tú a rá le do dheartháir, ‘A dheartháir, lig dom an dúradán a bhaint as do shúilse,’ nuair nach bhfeiceann tú go bhfuil sail i do shúil féin? A fhimínigh, ardaigh an chéad uair an tsail amach as do shúil féin, agus ansin beidh an t‑amharc glan agat leis an dúradán a bhaint as súil do dhearthár.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Nó cad é mar thig leat a rádh le do dhearbhráthair: A dhearbhráthair, leig damh an scealbóg a tharraingt amach as do shúil, nuair nach bhfeiceann tú an tsail i do shúil féin? A bhréagchráibhthigh, caith amach an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin tcífidh cú go soiléir chun an scealbóg a bhaint as súil do dhearbhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:42
24 Tagairtí Cros  

Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach.


Agus cad chuige dhuit an dubhradán atá i súil do bhráthar d’fheicsin, agus nach mbreathnuigheann tú an tsail atá id’ shúil fein?


Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin?


Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é?


acht do‐rinneas‐sa guidhe ar do shon‐sa, chum nach gcaillfeadh ar do chreideamh: agus nuair iompóchair neartuigh do bhráithre.


Agus cad chuige dhuit bheith ag féachain ar an dubhradán atá i súil do bhráthar, agus nach dtugann tú aire do’n tsail atá id’ shúil féin?


Óir ní fhuil crann maith do‐bheir droch‐thoradh; ná droch‐chrann do‐bheir toradh maith.


adubhairt sé, A dhuine atá lan de gach ceilg agus de gach feall, a mhic an diabhail, a námhaid gach cirt, nach staonfaidh tú ó shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?


Agus adubhairt Peadar leo, Déanaidh aithrighe, agus baistear gach duine agaibh i n‐ainm Íosa Críost chum maitheamhnais bhúr bpeacadh; agus do‐gheobhaidh sibh an Spiorad Naomh mar bhronntanas.


Ní fhuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní fhuil do chroidhe ceart i láthair Dé.


D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin.


Agus is ó Dhia atá gach uile nidh, do réidhtigh leis féin sinn tré Chríost, agus thug miniostrálacht an réidhtigh dhúinn,


Uime sin, má choimheádann duine é féin slán uatha so, béidh sé ’n‐a shoitheach chum onóra, soitheach beannuighthe, usáideach do’n té gur leis é, fóghanta chum gach deagh‐ghnó.


Óir an té go bhfuil na neithe seo i n‐easnamh air, atá sé gearr‐radharcach; ní fheiceann sé éinnidh nach bhfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á dhearmad gur glanadh é ó na shean‐pheacaidhibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí