Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 An té bhuaileas thú ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile, leis; agus an té bhaineas do bhrat díot ná h‐eitigh do chasóg air, chómh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Nuair a thugann duine buille boise duit ar an leiceann, tabhair an leiceann eile dó freisin; agus ná ceil do léine ar an té a thógas dʼfhallaing uait.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus an té a bhuaileas thú ar leacain leat, tionntuigh chuige an leacain eile fosta, agus má bheir duine do chlóca leis, ná cosg air do chasóg acht a oiread.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 An té bhúaileas tú air a ngíall iompó chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota fós a bhreith leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile; agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 An té a bhuaileann ar an leiceann thú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 An té a bhuaileann ar an leiceann tú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:29
15 Tagairtí Cros  

Annsin do chaitheadar seilí ’n‐a éadan air, agus do ghabhadar de dhornaibh air: agus do bhuail cuid aca buillí boise air,


Agus do chuireadar púicín air, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, Déan fáidheadóireacht: cia h‐é do bhuail thú?


Tabhair dó‐san iarras nidh ort; agus an té thógas do chuid uait, ná h‐éiligh air arís é.


Ar n‐a rádh sin dó, do bhuail duine de na h‐oifigeachaibh do bhí láithreach ’n‐a sheasamh, bhuail sé buille boise ar Íosa, g‐á rádh, An mar sin do‐bheir tú freagra ar an árd‐shagart?


Agus d’órduigh an t‐árd‐shagart dóibh‐sean do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice a bhualadh ar an mbéal.


Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnocht, agus tugtar droch‐íde orainn, agus ní fhuil aon chómhnaidhe bhuan againn;


Cheana féin is mór an locht oraibh bheith ag dul chum dlighe le n‐a chéile. Cad chuige dhaoibh gan fulang leis an éagcóir? Cad chuige dhaoibh gan fulang leis an bhfeall?


Óir má chuireann duine fá dhaoirse sibh, má chreachann sé sibh, má mheallann sé sibh, má éirigheann sé uaibhreach, má bhuaileann sé san éadan sibh, fulaingeann sibh leis.


Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí