Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 6:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Ach bíodh grá agaibhse do bhur naimhde, agus déanaigí an mhaith, agus tugaigí ar iasacht gan súil le haon ní a fháil ar ais; agus is mór an luach saothair a bheas agaibh, agus sibh in bhur gclann mhac ag an Té is Airde; an Té sin a bhíos go maith do lucht an mhíbhuíochais agus an oilc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Acht grádhuighigidh bhur náimhde; déanaigidh maith agus tabhairigidh iasacht, gan a bheith ag súil le dadamh dá bhárr, agus béidh luach saothair mór agaibh, agus béidh sibh bhur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maith do dhaoine a bhíos díombuidheach agus olc,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:35
21 Tagairtí Cros  

mar glaodhfar ortha‐san clann Dé.


agus ag glaodhach amach de ghuth árd dó, adubhairt sé, Cad é an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde? Athchuinghim ort, as ucht Dé, gan mo phianadh.


Béidh sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde dhe; agus do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia dhó rí‐chathaoir Dháibhi, a athair:


Bidhidh trócaireach, d’á bhrigh sin, fá mar atá bhúr nAthair trócaireach.


As sin aithneochaidh gach uile dhuine gur deisceabail damh‐sa sibh, acht grádh bheith agaibh d’á chéile.


Sibh‐se do thabhairt mórán tortha, as sin is eadh tugtar glóir dom’ Athair; agus sibh do bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh agam‐sa.


Cibé sin de, níor fhág sé é féin gan fiadhnaise, g‐á chur i gduigsin as ucht an mhaitheasa do‐rinne sé, óir thug sé báisteach agus séasúir thorthacha ó’n spéir dhaoibh, ag líonadh bhúr gcroidhe de bhiadh agus de gháirdeachas.


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


Óir béidh na daoine leithleasach, sanntach, maoidhteach mórtasach, masluightheach, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh, díombuidheach, mí‐naomhtha, gan grádh nádúrtha,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí