Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:49 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

49 Acht an té éisteas, agus nach ndéanann, is cosmhail eisean le fear do thóg teach ar an gcré gan bun faoi; agus gur bhuail an tuile ’n‐a choinnibh, agus do thuit sé ar an láthair; agus ba mhór é tuitim an tighe sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

49 Ach an té sin a éisteas agus nach gcuireann i ngníomh é, is cosúil é le fear a thóg teach ar an talamh gan bhun gan dúshraith, agus ar tháinig an tuile díleann air, gur thit sé as a chéile ar an toirt, agus ba mhór é briseadh an tí úd.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

49 Acht an té a chluin agus nach ndéan, is cosamhail é le duine ag tógáil tighe ar an charraig gan dubhshraith, agus tháinic an sruth go tréan air, agus thuit sé láithreach, agus ba mhór tuitim an tighe sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

49 Achd gidh bé chluin, agus nach deun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air thalamh gan socrughadh; air ar bhúail an tuile go fíochmhar, agus do thuit sé do láthair; agus ba mór tuitim an tighe sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

49 Ach an t-é a chloiseann agus ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an tuile ’n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba thiubaisteach é tuitim an tighe sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

49 “An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

49 “An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:49
30 Tagairtí Cros  

déanaidh gach a n‐abrann siad, agus claoidhidh leis: acht ná déanaidh de réir mar do‐ghní siad‐san; óir bíonn cainnt aca, acht ní dhéanaid gníomh.


Annsin bainfear bárr‐thuisleadh as a lán, agus braithfid a chéile.


agus ní fhuil fréamh aca ionnta féin, acht seasann siad ar feadh tamaill; annsin, nuair éirigheas trioblóid nó géir‐leanamhain mar gheall ar an mbriathar, glacann siad scannal ar an láthair.


Agus an seirbhíseach úd ag a raibh fios tola a thighearna, agus nach ndearna aon ullmhú, agus nach ndearna de réir a thola, geobhfar go trom air;


Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn.


Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad.


Agus cad chuige a nglaodhann sibh orm, A Thighearna, a Thighearna, agus nach ndéanann sibh a n‐abraim libh?


is cosmhail é le fear do bhí ag tógáil tighe, agus do thochail go doimhin síos sa talamh, agus do chuir an bun ar an gcarraig: agus nuair tháinig an tuile, do bhuail an rabharta i gcoinnibh an tighe sin, agus níor fhéad sé a chorrú: óir do bhí sé tógtha go daingean.


Agus nuair do bhí a bhriathra go léir críochnuighthe aige i n‐éisteacht na ndaoine, do chuaidh sé isteach i gCafarnaúm.


Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha.


Atá a fhios agam, nuair bhéidhead‐sa imthighthe, go dtiocfaidh faolchoin fíochmhara isteach ’n‐bhúr measc, agus ní staonfaidh siad ó’n tréad;


Agus thugas pionós go minic dóibh ins na sionagógaibh go léir, agus do‐rinneas iarracht fá dhia‐mhasladh do bhaint asta; agus leis an dearg‐bhuile do bhí orm ’n‐a gcoinnibh, do‐rinneas géirleanamhain ortha go dtí na cathracha coigríocha.


D’á bhrigh sin, nuair nárbh fhéidir liom foidhneamh níb’ fhaide, d’iarras faisnéis d’fhágháil i dtaobh bhur gcreidimh, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéadh cathú curtha ag an gcathuightheoir oraibh, agus go mbéadh ár saothar i n‐aisce.


Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.


Do chuadar amach as ár measc, acht níor dhaoine dhínne iad; óir dá mba daoine dhínn iad d’fhanfaidís i n‐éinfheacht linn; acht d’imthigheadar chum go mba léir nach daoine dhínne iad uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí