Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus dúirt sé leo, “Dá mhéid é an fómhar, níl ach dornán beag oibrithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair buanaithe a chur amach chuig a fhómhar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus dubhairt sé leo: Tá an fóghmhar mór go dearbhtha, acht tá na h-oibridhthe gann. Ar an adhbhar sin, guidhigidh Tighearna an fhóghmhair chun go gcuiridh sé oibridhthe amach chuig a fhóghmhar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus adubhairt sé leo, Is mór é an fóghmhar, acht is suarach iad an lucht oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair buanaidhthe do chur amach chum a fhóghmhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol suarach. Iarraidh, d’a bhrígh sin, ar an t-é gur leis an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfidh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:2
48 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.


Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.


Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.


Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.”


Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.


Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d'ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.


Ach dúirt Maois leis: “An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”


“Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.


Is é dála duine é a d'fhág a theach agus a d'imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t‑údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d'ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.


Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.


Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.


An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.


Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”


Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir.


Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”


Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’ ”


Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil.


San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n‑aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.


Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.


Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.


Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.


Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.


Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.


Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.


Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.


Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh.


Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.


Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.


Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.


Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,


bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí