Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a dhiaidh sin d’órduigh an Tighearna deichneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé roimhe amach iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gach cathair agus áit ’n‐a raibh sé féin le teacht.

2 Agus adubhairt sé leo, Is mór é an fóghmhar, acht is suarach iad an lucht oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair buanaidhthe do chur amach chum a fhóghmhair.

3 Imthighidh rómhaibh: féachaidh, cuirim uaim amach sibh amhail caoirigh i measc madadh allta,

4 Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar.

5 Agus cibé teach ’n‐a rachaidh sibh isteach, abraidh ar dtús, Síothcháin ar an tigh seo.

6 Agus má atá mac síothchána ann, fanfaidh bhúr síothcháin air: acht muna bhfuil, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin.

7 Agus fanaidh sa tigh céadna sin, ag ithe agus ag ól a dtugtar duit: óir is fiú an t‐oibridhe a thuarastal.

8 Ná bidhidh ag dul ó thigh go tigh. Agus cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh, agus go nglacfar sibh, ithidh a gcurfar rómhaibh:

9 agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.

10 Acht cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh isteach, agus nach nglacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na cathrach, agus abraidh, Luaithreadh bhúr gcathrach féin ghreamhuigheas d’ár gcosaibh,

11 croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.

12 Adeirim‐se libh gur sócamhlaighe do Shodom, an lá sin, ’ná do’n chathair sin.

13 Is mairg duit, a Chórasin! is mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na míorbhailte do rinneadh ionnaibh‐se, is fada ó bhéadh aithrighe déanta aca, agus iad ’n‐a suidhe i n‐éadach róin agus i luaith.

14 Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se.

15 Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú.

16 An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.

17 Agus d’fhill an deichneabhar agus trí fichid ar ais, agus áthas ortha, g‐á rádh, A Thighearna, atá na deamhain féin fá smacht againn tré t’ainm‐se.

18 Agus adubhairt seisean leo, Do chonnacas Sátan ag tuitim ó, neamh mar scail teinntrighe.

19 Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh.

20 Acht cheana, ná bíodh áthas oraibh toisc na spioraidí bheith fá smacht agaibh; acht toisc bhúr n‐ainmneacha bheith scríobhtha ar neamh.

21 Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é.

22 Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.

23 Agus ag iompodh chum a dheisceabal dó, adubhairt sé ós íseal, Is aoibhinn do na súilibh do‐chí na neithe do‐chí sibh‐se:

24 óir adeirim libh gurab iomdha fáidh agus rí le n‐ar mian na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chlos, agus nach gcualadar iad.

25 Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht.

26 Agus adubhairt sé leis, Créad atá scríobhtha sa dlighe? cionnas léigheas tú?

27 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt. Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán; agus ód’ aigne go h‐iomlán; agus do chómharsa mar thú féin.

28 Agus adubhairt sé leis, Is maith an freagra thugais: déan é sin, agus mairfir.

29 Acht adubhairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a fhíréanú féin.

30 Agus cia h‐é mo chómharsa? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Do bhí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ierichó; agus theagmhuigh sé le gadaidhthibh, do shlad agus do bhuail é, agus d’imthigheadar, tar a éis dóibh a fhágáil leath‐mharbh.

31 Agus tharla go raibh sagart ag gabháil síos an bealach céadna: agus nuair do chonnaic sé é do ghabh sé thairis ar an taobh eile.

32 Agus mar an gcéadna, tháinig Lébhíteach chum na h‐áite, agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh sé thairis ar an taobh eile.

33 Acht Samáritánach áirithe, do bhí ag gabháil na slighe, tháinig sé chum na h‐áite ’n‐a raibh sé:

34 agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh truagh mhór dó é, agus do chuaidh sé chuige, agus do cheangail sé a chneadhacha, ag dortadh ola agus fíona ortha; agus do chuir sé ar muin a bheithidhigh féin é, agus thug sé leis é go tigh ósta, agus thug sé aire dhó.

35 Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís.

36 Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba chómharsa do’n duine do theagmhuigh leis na gadaidhthibh?

37 Agus adubhairt seisean, An té thug truagh dhó. Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh‐se, agus déan mar an gcéadna.

38 Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é.

39 Agus do bhí deirbhshiúr aici darbh ainm Máire, do shuidh ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n‐a bhriathar.

40 Agus do bhí Marta an‐bhroideamhain ag friotháileamh; agus tháinig sí chuige, agus adubhairt sí, A Thighearna, nach cás leat gur fhág mo dheirbhshiúr orm‐sa an friotháileamh do dhéanamh im’ aonar? abair léi bheith ag cuidiú liom.

41 Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:

42 acht ní fhuil gábhadh acht le h‐aon nidh amháin: óir do thogh Máire an chuid is fearr, agus ní tógfar uaithi é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí