Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 10:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Anois, nuair a lean siad dá slí, chuaigh sé isteach i mbaile; agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Agus thárla, ag imtheacht dóibh, go ndeachaidh seisean isteach i mbaile áirithe, agus ghlac bean áirithe, arbh ainm dí Marta, isteach chun a tighe é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus tárla, ag imtheachd dóibh, go ndeachaidh seision go baile áirighe: agus go rug bean áirighe dar bhaimn Martá dá tigh fein é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Do tharla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh’ ainim Marta isteach ’n-a tigh féin é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:38
10 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt seisean, An té thug truagh dhó. Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh‐se, agus déan mar an gcéadna.


Agus do bhí Marta an‐bhroideamhain ag friotháileamh; agus tháinig sí chuige, agus adubhairt sí, A Thighearna, nach cás leat gur fhág mo dheirbhshiúr orm‐sa an friotháileamh do dhéanamh im’ aonar? abair léi bheith ag cuidiú liom.


Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:


Agus nuair do bhí sí féin agus muinntear a tighe baistthe, do chuir sí impidhe orainn, g‐á rádh, Má’s é bhúr meas go bhfuilim dílis do’n Tighearna, tagaidh isteach agus fanaidh im’ thigh. Agus do chuir sí d’fhiacaibh orainn dul.


Do ghlac Iásón isteach iad: agus atáid uile ag cur i gcoinnibh reachta Chéasair, g‐á rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa.


Má thig aoinneach chugaibh gan an teagasc so do thabhairt leis, ná glacaidh isteach ’n‐bhur dtigh é, agus ná beannuighidh dhó:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí