Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus fanaidh sa tigh céadna sin, ag ithe agus ag ól a dtugtar duit: óir is fiú an t‐oibridhe a thuarastal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus fanaigí sa teach céanna sin, ag ithe agus ag ól a soláthraíos siad, mar is fiú a thuarastal an t‑oibrí; ná himígí ó theach go teach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus fanaigidh san tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe a bhíos acu: óir is fiú a thuarastal an t-oibridhe. Ná bígidh ag imtheacht ó thigh go tigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus fanaidh an sa tighsin, ag ithe agus ag ól na neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himighidh ó thigh go tigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá acu, óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil. Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:7
18 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé leo, Cibé áit ’n‐a rachaidh sibh isteach, fanaidh ann nó go raibh sibh ag imtheacht ó’n áit sin.


Agus má atá mac síothchána ann, fanfaidh bhúr síothcháin air: acht muna bhfuil, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin.


Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin.


Agus nuair do bhí sí féin agus muinntear a tighe baistthe, do chuir sí impidhe orainn, g‐á rádh, Má’s é bhúr meas go bhfuilim dílis do’n Tighearna, tagaidh isteach agus fanaidh im’ thigh. Agus do chuir sí d’fhiacaibh orainn dul.


Agus thug sé isteach ’n‐a thigh iad, agus do chuir sé biadh rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a theaghlaigh go léir gáirdeachas mór, agus é ag creideamhain i nDia.


Agus d’imthigheadar as an bpríosún, agus chuadar isteach i dtigh Lidia: agus nuair do‐chonnacadar na bráithreacha, thugadar meisneach dóibh, agus d’imthigheadar.


An té do‐gheibh teagasc san mbriathar déanadh sé gach deagh‐nidh do roinnt ar an té do‐bheir an teagasc.


Thairis sin, ag éirghe díomhaoin dóibh, bíonn siad ag dul ó thigh go tigh; agus ní h‐é díomhaoin amháin, acht bíonn siad cainnteach, fíosruightheach, ag cur síos ar neithibh nach ceart dóibh labhairt ’n‐a dtaobh.


An criadhaire do‐ghní an sclábhaidheacht, ní mór dó an chéad‐toradh d’fhágháil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí