Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Tá na h-uile neithe tugtha damh-sa ag m’Athair, agus ní fhuil a fhios ag aoinneach cé h-é an Mac, acht an t-Athair, ná cé h-é an t-Athair, acht an Mac agus an té ar thoil leis an Mhac a nochtadh dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Do thug m’Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac ach do’n Athair, ná cé h-é an t-Athair ach do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é dh’fhoillsiú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus ní heol dʼaon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:22
20 Tagairtí Cros  

Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:


Atá gach uile nidh tabhartha dhamh‐sa ag m’Athair: agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Mac, acht ag an Athair; agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Athair acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a fhoillsiú dhó.


Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.


Ní fhaca aoinneach Dia ariamh; an t‐Aon‐Mhac atá i n‐ucht an Athar, do b’é d’fhoillsigh é.


fá mar aithnigheann an t‐Athair mé, agus aithnighim‐se an t‐Athair; agus do‐bheirim m’anam ar son na gcaorach.


ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh tabhartha ’n‐a láimh dhó ag an Athair, agus go dtáinig sé ó Dhia,


agus is leat‐sa gach nidh is liom‐sa: agus atáim glóirighthe ionnta.


fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh.


agus d’fhoillsigheas t’ainm dóibh, agus foillseochad é; ionnas, an grádh thugais dom, go mbéidh sé ionnta‐san, agus go mbéidhead‐sa ionnta.


Agus anois, a Athair, tabhair‐se glóir dhamh‐sa, i n‐éinfheacht leat féin, leis an nglóir do bhí agam id’ fhochair sara raibh an domhan ar bun.


Grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus atá gach uile nidh tabhartha aige dhó ’n‐a láimh.


Annsin an deireadh, nuair thiubhras sé an ríoghacht suas do Dhia, an tAthair; nuair chuirfeas sé gach ceannas agus gach ughdarás agus cumhacht ar ceal.


Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


i bhfad os cionn gach tighearnais, agus ughdaráis agus cumhachta, agus os cionn gach ainme ainmnightear, ní h‐é amháin san tsaoghal so,


Do chuiris gach uile nidh fá n‐a chosaibh. Óir, ag cur an uile nidh fá n‐a cheannas dó, níor fhág sé einnidh gan bheith curtha faoi. Acht ní fheicimíd anois gach nidh fá n‐a cheannas aige fós.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


Cibé duine théigheas ceann ar aghaidh agus nach gcómhnuigheann i dteagasc Chríost, ní fhuil Dia aige: cibé duine chómhnuigheas san teagasc sin atá an tAthair agus an Mac aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí