Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Do thug m’Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac ach do’n Athair, ná cé h-é an t-Athair ach do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é dh’fhoillsiú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Tá na h-uile neithe tugtha damh-sa ag m’Athair, agus ní fhuil a fhios ag aoinneach cé h-é an Mac, acht an t-Athair, ná cé h-é an t-Athair, acht an Mac agus an té ar thoil leis an Mhac a nochtadh dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus ní heol dʼaon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:22
20 Tagairtí Cros  

Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.


Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh’fhoillsiú dhó.


Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.


Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.


Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach.


Ó bhí fhios ag Íosa gach uile nídh a bheith tabhartha isteach ’n-a láimh dó ag an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh sé ag dul ag triall as Dhia,


Agus is liom-sa gach nídh is leat-sa, agus is leat-sa gach nídh is liom-sa; agus táim soillsighthe ionta.


Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe.


Agus do thugas-sa dhóibh, agus tabharfad, eólus ar t’ainim; ionus, an grádh a thugais-se dhómh-sa, go mbeadh sé ionta so, agus mise ionta.


Agus soillsigh-se mise anois, a Athair, ad’ fhochair féin, leis an soillseacht a bhí agam ad’ fhochair sar a raibh an domhan ar bith.


Tá grádh ag an Athair do’n Mhac agus tá gach nídh tabhartha ’n-a láimh dó aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí