Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air, agus dubhairt sé: Admhuighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh. Dheinis san, a Athair, óir b’é sin do thoil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 San uair chéadna sin tháinic lúthgháir air san Spiorad Naomh, agus dubhairt: Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhoillsigh tú iad do leanbháin. Seadh, a Athair, de bhrígh gurbh í sin do dhéagh-thoil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Bheirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:21
29 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.


Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?


Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?


Go deimhin a deirim libh, an t-é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann.


Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air,


Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas.


Ansan do tógadh an chloch. Agus d’fhéach Íosa suas agus dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí