Lúcás 10:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)21 San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara21 San uair chéadna sin tháinic lúthgháir air san Spiorad Naomh, agus dubhairt: Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhoillsigh tú iad do leanbháin. Seadh, a Athair, de bhrígh gurbh í sin do dhéagh-thoil. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air, agus dubhairt sé: Admhuighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh. Dheinis san, a Athair, óir b’é sin do thoil. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201221 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Bheirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198121 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Féach an chaibidil |