Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus cia h‐é mo chómharsa? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Do bhí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ierichó; agus theagmhuigh sé le gadaidhthibh, do shlad agus do bhuail é, agus d’imthigheadar, tar a éis dóibh a fhágáil leath‐mharbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Dʼfhreagair losa, “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIericó, agus tharla sé ar bhithiúnaigh, a bhain a éadaí de agus a bhuail é, agus a rinne bogmharú air, agus a dʼimigh leo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Chuaidh duine áirithe síos ó Ierusalem go h-Ierico, agus casadh air sladairí a chreach é; agus i ndiaidh é a lot, d’imthigh siad leo, ghá fhágáil leath-mharbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na fhagbháil leathmharbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Thug Íosa freagra air dá rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é a lomadh agus é a leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:30
7 Tagairtí Cros  

Agus tharla go raibh sagart ag gabháil síos an bealach céadna: agus nuair do chonnaic sé é do ghabh sé thairis ar an taobh eile.


Agus do tharraing sé chuige an dáréag, agus adubhairt sé leo, Féach, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóimhlíonfar gach uile nidh d’á bhfuil scríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.


Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí