Lúcás 10:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)30 Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)30 Dʼfhreagair losa, “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIericó, agus tharla sé ar bhithiúnaigh, a bhain a éadaí de agus a bhuail é, agus a rinne bogmharú air, agus a dʼimigh leo. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara30 D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Chuaidh duine áirithe síos ó Ierusalem go h-Ierico, agus casadh air sladairí a chreach é; agus i ndiaidh é a lot, d’imthigh siad leo, ghá fhágáil leath-mharbh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)30 Agus cia h‐é mo chómharsa? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Do bhí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ierichó; agus theagmhuigh sé le gadaidhthibh, do shlad agus do bhuail é, agus d’imthigheadar, tar a éis dóibh a fhágáil leath‐mharbh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)30 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na fhagbháil leathmharbh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201230 Thug Íosa freagra air dá rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é a lomadh agus é a leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198130 Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Féach an chaibidil |