Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus adubhairt seisean, An té thug truagh dhó. Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh‐se, agus déan mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Agus ar seisean, “An té a rinne trócaire air.” Agus dúirt Íosa leis, “Imigh agus déan aithris air.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Acht dubhairt seisean: An té a rinne trócaire air. Agus dubhairt Íosa leis: Gabh, agus déan thusa mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a nadhbhasin a dubhairt Iósa ris, Imthighsi agus déana mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus dubhairt seisean: An t-é a dhein an charthanacht air. Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh-se agus dein mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

37 Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:37
18 Tagairtí Cros  

ar chuma Mhic an Duine nach dtáinig chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum go ndéanfadh seisean friotháileamh, agus chum a anam do thabhairt i n‐éiric móráin.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir gearrann sibh deachmha ar mhiontas, agus ar ainís, agus ar choimín, agus fágann sibh na neithe is tábhachtaighe de’n dlighe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideamh: acht ba cheart daoibh iad so do chleachtadh, gan faillighe do dhéanamh ins na neithibh eile.


Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba chómharsa do’n duine do theagmhuigh leis na gadaidhthibh?


Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é.


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


agus siubhlaidh i ngrádh, fá mar ghrádhuigh Críost sibh‐se, agus thug é féin ar ár son, ’n‐a thoirbirt agus ’n‐a íodhbairt dheagh‐chumhra do Dhia.


Agus is chuige sin do glaodhadh sibh: de bhrigh gur fhulaing Críost féin ar bhur son, ag fágáil sompla agaibh, chum go leanfadh sibh a lorg.


agus ó Íosa Críost, an fiadhnaidhe fírinneach, an chéid‐ghein ó na marbhaibh, agus árd‐rí righthe na talmhan. Do’n té ghrádhuigheas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaidhibh le n‐a fhuil féin sinn;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí