Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 leigheasaigí a bhfuil breoite ann agus abraigí leo, ‘Tá ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus leigheasaigidh na daoine breoidhte a bhíos inntí, agus abraigidh leo: Tá ríoghacht Dé i ngaobhar díbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus slánaghaidh na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Tá rígheacht Dé buailte libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achomaireacht daoibh.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:9
15 Tagairtí Cros  

g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus adubhairt sé, Cad leis an samhlóchaimíd ríoghacht Dé? cad í an tsamhlaoid ’n‐a dtais‐beánfaimíd í?


Agus do chaitheadar mórán deamhan amach, agus do chuireadar ola ar mhórán daoine do bhí breoite, agus do leigheasadar iad.


Acht cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh isteach, agus nach nglacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na cathrach, agus abraidh, Luaithreadh bhúr gcathrach féin ghreamhuigheas d’ár gcosaibh,


croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.


Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin.


D’fhreagair Íosa, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríoghacht Dé.


D’á bhrigh sin, bíodh a fhios agaibh, go bhfuil an slánughadh so ó Dhia d’á chur chum na gCineadhach: agus do chluinfidh siad‐san.


ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag múineadh le dánacht na neithe bhaineas leis an Tighearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí