Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Imthighidh rómhaibh: féachaidh, cuirim uaim amach sibh amhail caoirigh i measc madadh allta,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ach imígí romhaibh; féachaigí, táim do bhur scaipeadh mar a scaipfinn uain i measc mactíre.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Imthighigidh: féach, cuirim sibh amhail uain imeasc mac tíré.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Imthighidh: féuch, ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Imthighidh: Féach, táim ’bhúr gcur i nbhúr n-uanaibh ameasg machtírí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:3
14 Tagairtí Cros  

Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.


Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar.


Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh.


Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar.


Acht an fear tuarastail, nach aodhaire é, agus nach leis féin na caoirigh, do‐chí sé an mac tíre ag teacht, agus fágann sé na caoirigh, agus teicheann sé, agus sciobann an mac tíre iad, agus scaipeann sé iad:


Cuimhnighidh ar an mbriathar adubhairt mé libh, Ní mó an seirbhíseach ná a mháighistir. Má rinneadar géir‐leanamhain orm‐sa, do‐ghéanaid géir‐leanamhain oraibh‐se mar an gcéadna; má choimhéadadar mo bhriathra‐sa, choimhéadfaidh siad bhúr mbriathra‐sa, leis.


Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé.


Atá a fhios agam, nuair bhéidhead‐sa imthighthe, go dtiocfaidh faolchoin fíochmhara isteach ’n‐bhúr measc, agus ní staonfaidh siad ó’n tréad;


óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme.


agus d’iarr sé air lithreacha do thabhairt dó chum na sionagóg i nDamascus, chum, dá bhfaigheadh sé aon duine, fear nó bean de’n tSlighe seo, go dtiubhradh sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí