Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú, ní hea ach ísleofar go hIfreann thú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus tusa, a Chapharnaum, atá tógtha suas go neamh, taomfar síos go h-ifreann thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus tusa, a Chapernáum, atá ar do thógbháil súas go neamh, teilgfidhthear siós go hifearnn thú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus tusa, a Chapharnaum, a tógadh suas go neamh, curfar síos tu go h-ifreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Agus tusa, a Chafarnáúm, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hIfreann a theilgfear thú!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:15
20 Tagairtí Cros  

Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.


Agus tusa, a Chafarnaúim, an suas go neamh árdóchar thú? síos go h‐ifreann ísleochar thú: óir dá ndéantaidhe i Sodom na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnat‐sa, d’fhanfadh sé ann go dtí an lá so.


agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,


Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.


Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí