Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 “An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 An té a éisteas libh-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a bheir tarcuisne díbh-se, bheir sé tarcuisne damh-sa. Agus an té a bheir tarcuisne damh-sa, bheir sé tarcuisne do’n té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 An t-é a dh’éisteann libh-se, is liom-sa a dh’éisteann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do’n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 An té a chluineann sibh-se, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibhse, diúltaíonn sé dom-sa, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:16
17 Tagairtí Cros  

An té ghlacas sibh‐se glacann sé mise, agus an té ghlacas mise glacann sé an té do chuir uaidh mé.


Agus cibé duine ghlacfas chuige aon leanbh beag amháin d’á leithéid seo im’ ainm‐se,


Cibé duine ghlacfas chuige im’ ainm‐se leanbh d’á leithéid seo, is mise ghlacas sé chuige, agus cibé duine ghlacas mise chuige, ní mise ghlacas sé, acht an té do chuir uaidh mé.


agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige an leanbh beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ghlacfas mise chuige, glacann sé chuige an té do chuir uaidh mé: óir an té is lugha eadraibh uile, is é is mó.


Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd agus adubhairt, An té chreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa chreideas sé, acht san té do chuir uaidh mé.


An té dhiúltas dom, agus nach nglacann lem’ bhriathraibh, atá aige an té do‐bheir breith air: an briathar adubhart‐sa, do‐bhéarfaidh an briathar sin breith air an lá déidheannach.


Go fírinneach adeirim libh, Cibé ghlacas an té chuirim uaim, ghlacann sé mise; agus cibé ghlacas mise, glacann sé an té do chuir uaidh me.


An fhaid do bhí sé agat nár leat féin é? agus nuair do dhíolais é, nach raibh sé ar do chead féin agat? Cad chuige dhuit an nidh seo do cheapadh id’ chroidhe? ní do dhaoinibh d’innis tú bréag, acht do Dhia.


agus an nidh im’ cholainn do bhí mar chathú oraibh, ní thug sibh tarcuisne ná gráin dó; acht do ghlac sibh liom mar aingeal Dé, mar Íosa Críost féin.


D’á bhrigh sin, cibé dhiúltuigheas é seo, ní h‐é an duine dhiúltuigheas se, ácht Dia do‐bheir a Spiorad Naomh dhaoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí