Lúcás 10:16 - An Bíobla Naofa 198116 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 “An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 An té a éisteas libh-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a bheir tarcuisne díbh-se, bheir sé tarcuisne damh-sa. Agus an té a bheir tarcuisne damh-sa, bheir sé tarcuisne do’n té a chuir uaidh mé. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 An t-é a dh’éisteann libh-se, is liom-sa a dh’éisteann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do’n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 An té a chluineann sibh-se, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibhse, diúltaíonn sé dom-sa, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.” Féach an chaibidil |
“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’