Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Ach is éadroime a luífidh an breithiúnas ar Thior agus ar Shiodón ná oraibhse!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Acht béidh sócamhal ag Tior agus ag Sídoin san bhreitheamhnas thar mar bhéas agaibh-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Ar a nadhbharsin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann sa bhreitheamhnus, na dháoibhsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus is saoire a raghaid Tuíre agus Sídón as lá an bhreitheamhntais ’ná mar a raghaidh sibh-se as.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón sa bhreithiúnas ná agaibh-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:14
10 Tagairtí Cros  

Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.


Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith.


Agus is í seo an bhreith, go dtáinig an solas ar an saoghal, agus gurbh annsa leis na daoinibh an dorchacht ’ná an solas; toisc a ngníomhartha bheith go h‐olc.


D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin.


agus an té atá neamh‐thimcheall‐ghearrtha do réir nádúire, má choimheádann sé an dlighe, nach dtiubhraidh sé breitheamhnas ort‐sa bhriseas an dlighe, agus scribhinn an dlighe agus an timcheall‐ghearrtha agat?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí