Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do bhí deirbhshiúr aici darbh ainm Máire, do shuidh ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n‐a bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Agus bhí deirfiúr aici a raibh Muire mar ainm uirthi a shuigh ag cosa an Tiarna agus í ag éisteacht lena theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus bhí deirbhshiúr aice, darbh ainm Máire, agus shuidh sise ag cosa an Tighearna fosta ag éisteacht le n-a bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus do bhí deirbhshiúr aicesi dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi ag cosaibh Iosa, do bhí si ag éisdeachd lé na bhríathraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus bhí ag an mnaoi sin drifiúr dár bh’ainim Máire, agus do shuidh sí ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:39
11 Tagairtí Cros  

acht ní fhuil gábhadh acht le h‐aon nidh amháin: óir do thogh Máire an chuid is fearr, agus ní tógfar uaithi é.


Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha:


Agus do chuadar amach go bhfeicfidís créad do thuit amach; agus thángadar chum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imthigh na deamhain, a éadaighe air, agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a ghlain‐mheabhair ag cosaibh Íosa: agus do bhí eagla ortha.


Agus do bhí duine áirithe breoite, Lasarus ó Bhétánia, baile Mháire agus Mharta, a dheirbhshiúr.


agus do bhí mórán Iúdach tháinig chum Marta agus Máire, ag déanamh sóláis dóibh i dtaobh a ndearbhráthar.


Agus do thóg Máire púnt d’uinnimint náird ghlain, an‐luachmhair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do thriomuigh sí a chosa le n‐a gruaig; agus do líonadh an teach de chumhracht na h‐uinniminte.


Is Iúdach mé, rugadh i dTarsus Chilicia, acht tógadh mé san gcathair seo, ag cosaibh Ghamaliél, do múineadh mé go beacht de réir dlighe ár n‐aithreach, agus do bhíos lán de dhíoghrais ar son Dé, fá mar atá sibh‐se indiu:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí