Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus do bhí Marta an‐bhroideamhain ag friotháileamh; agus tháinig sí chuige, agus adubhairt sí, A Thighearna, nach cás leat gur fhág mo dheirbhshiúr orm‐sa an friotháileamh do dhéanamh im’ aonar? abair léi bheith ag cuidiú liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Ach bhí Marta ag déanamh dhá leath di féin le méid a raibh sí ag freastal orthu; agus chuaigh sí chuige go ndúirt leis, “A Thiarna, an cuma leat mo dheirfiúr mé a fhágáil le freastal i mʼaonar? Ordaigh di bheith ag cuidiú liom.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Acht bhí Marta graitheach ag déanamh mórán freastail: agus sheasuigh sí, agus dubhairt: A Thighearna, an é nach misde leat gur fhág mo dheirbhshiúr mise le freastal a dhéanamh i m’aonar? Abair léi, mar sin, cuidiughadh liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh, agus a dubhairt sí, A Thighearna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr misi am áonar ag friotholamh ar a nadhbharsin abair riá cungnamh riom.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus bí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam’ dhrifiúr? Abair léi anois congnamh a thabhairt dom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i mʼaonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

40 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m'aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:40
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig na deisceabail chuige, agus adubhradar, Fásach is eadh an áit seo, agus atá an t‐am caithte cheana, cuir uait na sluaighte, go dtéighid isteach ins na bailtibh beaga, agus go gceannuighid biadh dhóibh féin.


Agus thug Peadar é i leathtaoibh, agus do thosnuigh sé ar a cheartú, g‐á rádh, I bhfad uait‐se é sin, a Thighearna: ní thiocfaidh sin ort choidhche.


Agus nuair do‐chuala a cháirde é, do chuadar amach le breith air; mar adubhradar, Is ar mí‐chéill atá sé.


Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é.


Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:


Ná bidhidh, d’á bhrigh sin, g‐á fhiafruighe créad íosfas sibh, agus créad ólfas sibh, agus ná bíodh inntinn chorrach agaibh.


Acht d’iompuigh seisean, agus do cheartuigh sé iad.


Agus do bhí duine áirithe breoite, Lasarus ó Bhétánia, baile Mháire agus Mharta, a dheirbhshiúr.


Agus do bhí an‐chion ag Íosa ar Mharta, agus ar a deirbhshiúr, agus ar Lasarus.


Agus do‐rinneadar séire annsin: agus do bhí Marta ag friotháileamh; acht do bhí Lasarus mar aon leo‐san do bhí ’n‐a suidhe chum bidh leis.


Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí