Lúcás 10:40 - An Bíobla Naofa 198140 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m'aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)40 Ach bhí Marta ag déanamh dhá leath di féin le méid a raibh sí ag freastal orthu; agus chuaigh sí chuige go ndúirt leis, “A Thiarna, an cuma leat mo dheirfiúr mé a fhágáil le freastal i mʼaonar? Ordaigh di bheith ag cuidiú liom.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara40 Acht bhí Marta graitheach ag déanamh mórán freastail: agus sheasuigh sí, agus dubhairt: A Thighearna, an é nach misde leat gur fhág mo dheirbhshiúr mise le freastal a dhéanamh i m’aonar? Abair léi, mar sin, cuidiughadh liom. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)40 Agus do bhí Marta an‐bhroideamhain ag friotháileamh; agus tháinig sí chuige, agus adubhairt sí, A Thighearna, nach cás leat gur fhág mo dheirbhshiúr orm‐sa an friotháileamh do dhéanamh im’ aonar? abair léi bheith ag cuidiú liom. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)40 Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh, agus a dubhairt sí, A Thighearna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr misi am áonar ag friotholamh ar a nadhbharsin abair riá cungnamh riom. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)40 Agus bí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam’ dhrifiúr? Abair léi anois congnamh a thabhairt dom. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201240 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i mʼaonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.” Féach an chaibidil |