Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a dhiaidh sin d’órduigh an Tighearna deichneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé roimhe amach iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gach cathair agus áit ’n‐a raibh sé féin le teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dʼordaigh an Tiarna seachtó duine eile a chuir sé roimhe ina mbeirteanna go dtí gach uile bhaile agus áitreabh a raibh sé le dul.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus ina dhiaidh seo thogh an Tighearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé amach roimhe iad, ina mbeirt agus ina mbeirt, go gach cathair agus áit ina raibh sé féin le theacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus na dhiaigh so dórduigh an Tighearna mar an gcéadna deithneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus ionnad, ann a raíbh a theachd féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Tar éis na neith sin do cheap an Thíghearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:1
14 Tagairtí Cros  

Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


Agus nuair do chonnaic an Tighearna í, do ghabh truagh dhí é, agus adubhairt sé léi, Ná bí ag gol.


Agus do ghlaodh Eoin chuige beirt d’á dheisceablaibh, agus do chuir sé chum an Tighearna iad, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile?


agus d’imthigheadar‐san, agus do chuadar isteach i mbaile beag de bhailtibh na Samáritánach, chum ullamhú do dhéanamh fá n‐a choinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí