Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol suarach. Iarraidh, d’a bhrígh sin, ar an t-é gur leis an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus dúirt sé leo, “Dá mhéid é an fómhar, níl ach dornán beag oibrithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair buanaithe a chur amach chuig a fhómhar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus dubhairt sé leo: Tá an fóghmhar mór go dearbhtha, acht tá na h-oibridhthe gann. Ar an adhbhar sin, guidhigidh Tighearna an fhóghmhair chun go gcuiridh sé oibridhthe amach chuig a fhóghmhar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus adubhairt sé leo, Is mór é an fóghmhar, acht is suarach iad an lucht oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair buanaidhthe do chur amach chum a fhóghmhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfidh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:2
48 Tagairtí Cros  

Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort.


Ar nós duine a d’fhág a thigh agus d’imthigh i gcéin, agus a thug d’á sheirbhíseachaibh déanamh gach oibre, agus a dubhairt leis an ndóirseóir faire dhéanamh;


Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do’n uile chréatúir.


Agus do ghluaiseadar-san agus do chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh ’ghá leanmhaint.


Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh.


Agus na daoine úd a sgaipeadh mar gheall ar an dtrioblóid i dtaobh Stiophain do siubhladar chómh fada le Phoenicé agus le Cuprus agus le h-Antioch, gan an focal do labhairt le h-aoinne ach le Iúdaígh amháin.


Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tighearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre d’á bhfuilid glacaithe agam.


Agus fé sheóladh an Spioraid Naoimh chuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus


Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n-bhúr n-easbogaibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin.


Agus dubhaint sé liom: Imthigh leat, óir is ag triall ar na geintibh i gcéin a chuirfead-sa thu.


Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluaiseadar rómpa ag craobhsgaoile bréithre Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí