Lúcás 8:15 - An Bíobla Naofa 198115 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)15 Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara15 Acht an chuid a thuit ar an talamh mhaith, is iad sin na daoine a ghlacas an briathar le déagh-chroidhe iomlán, a chongbhuigheas é, agus a bheir toradh uatha fá fhoighid. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a síad súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201215 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh. Féach an chaibidil |