Lúcás 8 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil VIII Fáithscéal an churadóra. Ciúineann Críost an stoirm ar an fhairrge: teilgeann sé amach léigiún deamhan: Leigheasann sé bean a raibh cur fola uirthí: agus tógann sé inghean Iairuis ó’n bhás. 1 Agus thárla ina dhiaidh sin gur thaisteal sé cathracha agus bailte, ag seanmóir agus ag craobhscaoileadh ríoghacht Dé, agus mar aon leis an dáréag, 2 Agus mná áirithe a leigheasadh ó ainspioraid agus ó ghalair: Máire, dá ngoirtear Magdailéin, as a ndeachaidh seacht ndeamhain amach, 3 Agus Ioanna, bean Chúsa, stiubhard Ioruaidh, agus Susanna agus mórán eile, a bhíodh ag freastal air as a maoin féin. 4 Agus nuair a chruinnigh sluagh an-mhór le chéile, agus dheifrigh siad amach chuige as na cathracha, dubhairt sé i bhfuirm samhlaoide: 5 Chuaidh an curadóir amach a chur a chuid síl, agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de ar thaoibh an bhóthair, agus brúigheadh faoi chois é, agus d’ith éanacha an aeir é. 6 Agus thuit cuid eile de ar an charraig, agus cómh luath agus d’fhás sé, shearg sé, de bhrígh nach raibh taisleach aige. 7 Agus thuit tuilleadh de fríd na dreasógaí agus d’fhás na dreasógaí suas i n-aoinfheacht leis gur mhúch siad é. 8 Agus thuit tuilleadh de ar an talamh mhaith, agus ar fhás dó, thug sé toradh fá chéad. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aighe, scairt sé go h-árd: An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé. 9 Agus d’fhiafruigh a dheisciobail de cad é ba chiall leis an fháithscéal seo. 10 Agus dubhairt sé leo: Is díbh-se a tugadh eolas a bheith agaibh ar rúindiamhra ríoghacht Dé, acht do’n chuid eile i bhfuirm fáithscéal, ionnas, ar fheiceáil dóibh, nach bhfeiceadh siad, agus ar chluinstin dóibh, nach dtuigeadh siad. 11 Is é seo an fáithscéal: Is é briathar Dé an síol. 12 Iad sin ar thaoibh an bhóthair, is iad a chluin, acht tig an diabhal ina dhiaidh sin, agus tógann sé an briathar as a gcroidhthe, ar eagla go gcreideadh siad agus go slánuightí iad. 13 Is iad sin ar an charraig, an dream a ghlacas an briathar le h-áthas, nuair a chluin siad é, acht ní bhíonn fréamhacha ar bith acu sin, óir creideann siad ar feadh tamaill, agus le linn an chathuighthe téid siad ar gcúl. 14 Agus an chuid a thuit imeasc na ndreasóg, is iad sin an dream a chuala, acht ar imtheacht dóibh, múchtar iad le cúraim, le saidhbhris agus le pléisiúirí an tsaoghail seo, agus ní thabhrann siad aon toradh uatha. 15 Acht an chuid a thuit ar an talamh mhaith, is iad sin na daoine a ghlacas an briathar le déagh-chroidhe iomlán, a chongbhuigheas é, agus a bheir toradh uatha fá fhoighid. 16 Agus ní fhuil aoinneach a lasas coinneal, a fholuigheas le soitheach ná a chuireas faoi leabaidh í, acht cuireann sé ar choinnleoir í, chun go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus. 17 Óir ní fhuil dadamh foluighthe nach bhfoillseochar, ná ceilte, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chun soluis. 18 Coimhéadáigidh, ar an adhbhar sin, cad é mar chluin sibh. Óir an té a bhfuil aige, bhéarfar dó, agus cibé ar bith nach bhfuil aige, bainfear uaidh fiú an méid a mheasas sé a bheith aige. 19 Agus tháinic a mháthair agus a bhráithre chuige, acht níor fhéad siad teacht i ngaobhar dó mar gheall ar an tsluagh. 20 Agus h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh, agus fonn ortha tú d’fheiceáil. 21 Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An lucht a éisteas le bhriathar Dé agus a ghní dá réir, is iad sin mo mháthair agus mo bhráithre. 22 Agus thárla lá amháin go ndeachaidh sé féin agus a dheisciobail isteach i mbád, agus dubhairt sé leo: Téighimís anonn trasna an locha. Agus chuaidh. 23 Agus nuair a bhí siad ag cur na fairrge díobh thuit seisean ina chodladh, agus tháinic stoirm gaoithe anuas ar an loch, agus bhí siad dá líonadh suas agus i gcontabhairt. 24 Agus ag dul chuige dóibh, mhuscail siad é, ag rádh: A Mháighistir, támuid dár gcailleadh. Agus ar éirghe dó-san, bhagair sé ar an ghaoith agus ar chonfadh an uisce; agus stad siad, agus tháinic ciúineas. 25 Agus dubhairt sé leo: Cá bhfuil bhur gcreideamh? Agus bhí eagla agus iongantas ortha, agus dubhairt siad le n-a chéile: Cé h-é, dar leat, é seo, óir bheir sé órdughadh do ghaotha agus do mhuir, agus géilleann siad dó? 26 Agus sheól siad go ceanntar na nGeraisíní atá thall ós coinne na Gailile. 27 Agus nuair a tháinic sé amach ar an talamh thirim, casadh air fear áirithe a raibh deamhan ann le fada an lá, agus ní bhíodh aon tuinnte éadaigh air, agus ní dhéanadh sé cómhnaidhe i dtig, acht ins na tuambaí. 28 Agus nuair a chonnaic sé Íosa, chaith sé é féin roimhe, agus ag scairtigh amach de ghuth árd dó, dubhairt sé: Cad é an bhaint atá agam-sa agus agat-sa le chéile, a Íosa, a Mhic an Dé is áirde? Impidhim ort gan mé a phianadh. 29 Óir thug sé órdughadh do’n spiorad neamhghlan dul amach as an duine. Óir bheireadh sé air go minic, agus cheangailtí le slabhraí é agus chongbhuighthí le cuibhreacha é, agus bhriseadh sé na ceanglacha agus thiomáineadh an deamhan isteach ins na fásaigh é. 30 Agus cheistigh Íosa é, ag rádh: Cad is ainm duit? Agus dubhairt seisean: Léigiún, óir chuaidh mórán deamhan isteach ann. 31 Agus d’iarr siad air gan é órdughadh a thabhairt dóibh dul isteach san aibhéis. 32 Agus bhí tréad mór muc annsin ag ingheilt ar an tsliabh, agus d’iarr siad air cead a thabhairt dóibh dul isteach ionnta. Agus thug sé cead dóibh. 33 Ar an adhbhar sin tháinic na deamhain amach as an duine, agus chuaidh siad isteach ins na muca, agus d’imthigh an tréad de ruathar ar mhullach a gcinn, isteach san loch, agus plúchadh iad. 34 Agus nuair a chonnaic an lucht a bhí ag aodhaireacht an nídh a thárla, theich siad isteach go dtí an chathair agus go dtí na feirmeacha ghá innse. 35 Agus chuaidh siad amach a fheiceáil an nídh a thárla, agus tháinic siad chuig Íosa; agus fuair siad an duine, as a ndeachaidh na deamhain amach, ina shuidhe ag a chosa, a chuid éadaigh air agus a mheabhair slán, agus ghabh eagla iad. 36 Agus iad sin fosta a chonnaic, d’innis siad dóibh cad é mar saoradh ó’n léigiún é; 37 Agus d’iarr lucht cheanntar na nGeraisíní go léir air imtheacht uatha, óir ghabh eagla an-mhór iad. Agus ag dul isteach san luing dó-san phill sé thar ais. 38 Agus an fear as a ndeachaidh na deamhain amach, ghuidh sé é leigin dó féin a bheith ina chuideachta. Acht chuir Íosa ar shiubhal é, ag rádh: 39 Pill chun do thighe féin agus innis a mhéid agus a rinne Dia duit. Agus d’imthigh sé, agus d’fhuagair fríd an chathair uilig a mhéid agus a rinne Íosa dó. 40 Agus thárla, nuair a phill Íosa, gur ghabh an sluagh chuca é; óir bhí siad uilig ag feitheamh leis. 41 Agus féach, tháinic fear, darbh ainm Iairus, agus b’é uachtarán na sineagóige é, agus thuit sé ag cosa Íosa, ag iarraidh air teacht isteach chun a tighe, 42 Óir bhí aon inghean amháin aige timcheall ar a dá bhliadhain déag, agus bhí sí ag fagháil bháis. Agus thárla, nuair a bhí sé ag imtheacht, go raibh sé dá bhrúghadh ag na sluaighte. 43 Agus bhí bean áirithe ann a raibh cur fola uirthí le dhá bhliadhain déag, agus a raibh a maoin go h-iomlán caithte aice le liagha, agus nárbh fhéidir le h-aoinneach í leigheas; 44 Tháinic sí taobh thiar agus bhain sí le feaithim a éididh, agus ar an bhomaite stad a cur fola. 45 Agus dubhairt Íosa: Cé h-é bhain liom? Agus nuair a bhí siad uilig ghá shéanadh, dubhairt Peadar agus an méid a bhí leis: A Mháighistir, tá na sluaighte do bhrúghadh agus do chiapadh, agus an abair tú: Cé bhain liom? 46 Agus dubhairt Íosa: Bhain duine éigin liom; óir tá a fhios agam go ndeachaidh cumhacht amach uaim. 47 Agus nuair a chonnaic an bhean nach raibh folach aice, tháinic sí agus í ar crith, agus chaith sí í féin ag a chosa, agus d’innis sí ós cómhair na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus mar a leigheasadh í ar an bhomaite. 48 Agus dubhairt seisean: A inghean, rinne do chreideamh slán thú; imthigh fá shíothcháin. 49 Le linn é bheith go fóill ag cainnt tháinic duine áirithe chuig uachtarán na sineagóige, agus dubhairt leis: Tá do inghean marbh; ná bí ghá bhodhradh. 50 Agus nuair a chuala Íosa an focal sin dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus béidh sí slán. 51 Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, níor leig sé d’aoinneach dul isteach leis acht Peadar agus Séamus agus Eoin, agus athair agus máthair an chailín. 52 Agus bhí siad uilig ag gol, agus ghá caoineadh. Acht dubhairt seisean: Ná bígidh ag gol, ní marbh atá an cailín, acht ina codladh. 53 Agus rinne siad gáire fonamhaide faoi, mar go raibh a fhios acu go raibh sí marbh. 54 Agus ag breith greim láimhe dó uirthí labhair sé de ghuth árd, ag rádh: A cháilín, éirigh. 55 Agus tháinic a spiorad thar ais, agus d’éirigh sí ar an bhall. Agus d’órduigh sé rud a thabhairt le h-ithe dí. 56 Agus ghabh uathbhás a h-athair agus a máthair, agus d’aithin sé ortha gan an nídh a rinneadh d’innse do dhuine ar bith. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland