Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé tré chathrachaibh agus tré bhailtibh beaga, ag seanmórú agus ag craobhscaoileadh soiscéil ríoghachta Dé,

2 agus an dáréag i n‐éinfheacht leis, agus roinnt ban do leigheasadh ó ainspioraidibh agus ó aicídibh, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imthigh seacht ndeamhain amach,

3 agus Ióhanna bean Chúsa, feadhmannach loruaith, agus Súsanna, agus mórán eile díobh‐san do bhí ag friotháileamh air as a ngustal féin.

4 Agus nuair do bhí sluagh mór ag cruinniú le chéile, agus daoine as gach cathair ag triall air,

5 do labhair sé as samhlaoid: D’imthigh síoladóir amach ag cur a chuid síl: agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh; agus do gabhadh de chosaibh ann, agus d’ith éanlaith na spéire é.

6 Agus do thuit cuid eile dhe ar an gcarraig; agus chómh luath agus d’fhás sé, do shearg sé, de bhrigh nach raibh úire aige.

7 Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh; agus d’fhás an drisleach i n‐éinfheacht leis, agus do thacht sé é.

8 Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

9 Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de créad ba chiall do’n tsamhlaoid sin.

10 Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.

11 Is í seo brigh na samhlacide: Is é briathar Dé an síol.

12 Iad‐san atá le h‐ais an bhealaigh is iad na daoine éisteas; annsin tig an diabhal, agus tógann sé an briathar as a gcroidhe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaidhe iad.

13 Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.

14 Agus an chuid do thuit i measc an drisligh, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tslighe dhóibh, múchtar iad le cúram, agus le saidhbhreas, agus le pléisiúr an tsaoghail, agus ní thugaid toradh chum abaidheachta.

15 Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.

16 Agus ní fhuil aon duine, ar lasadh lóchrainn dó, chumhduigheas fá bhéal soithigh é, nó chuireas fá leabaidh é; acht cuireann sé ar choinnleoir é, i dtreo go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas.

17 Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais.

18 D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige.

19 Agus tháinig chuige a mháthair agus a dhearbhráithre, agus níor fhéadadar teacht ’n‐a aice mar gheall ar an sluagh.

20 Agus do h‐inniseadh dhó, Atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus ba mhaith leo thú d’fheicsin.

21 Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Is iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se iad‐san éisteas le briathraibh Dé, agus do‐ghní d’á réir.

22 Agus tharla, lá de na laethibh sin, go ndeachaidh sé féin agus a dheisceabail isteach i mbád; agus adubhairt sé leo, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh eile: agus d’imthigheadar rómpa.

23 Act ag imtheacht fá sheol dóibh do thuit a chodladh airsean: agus d’éirigh stoirm gaoithe ar an loch; agus do bhíodar d’á líonadh agus do bhíodar i gcontabhairt.

24 Agus thángadar chuige, agus do dhúisighéadar é, g‐á rádh, A Mháighistir, a Mháighistir, atáimíd d’ár mbádhadh. Agus do dhúisigh sé, agus do bhagair sé ar an ngaoith agus ar ghargaint na tuinne: agus do stadadar agus tháinig ciúnas.

25 Agus adubhairt sé leo, Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Agus do bhí eagla ortha agus do bhí iongnadh mór ortha, agus iad g‐á rádh le n‐a chéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaothaibh agus do na tonnaibh féin, agus go n‐umhluighid dó?

26 Agus do shroicheadar críoch na nGerasénach, atá os cómhair na Galilé thall.

27 Agus nuair tháinig sé i dtír, do casadh air fear áirithe as an gcathair go raibh deamhain ann; agus nach raibh éadaighe air ar feadh i bhfad, agus nár chómhnuigh i n‐aon tigh, acht amháin ins na tuamaibh.

28 Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?

29 Athchuinghim ort gan mo phianadh. Óir do bhí sé g‐á órdú do’n spioraid neamh‐ghlain teacht amach as an duine. Óir ba mhinic do‐bheireadh sí air: agus do coimhéadthaidhe é fá ghárda, agus do ceangailtidhe é le slabhraibh agus le geimhlibh; agus ag réabadh na gcuibhreach ó chéile dhó, do ruaigeadh an deamhan amach sa bhfásach é.

30 Agus d’fhiafruigh Íosa dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean, Léigiún; óir do bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

31 Agus d’impidheadar air gan a órdú dhóibh dul síos san aibhéis.

32 Agus do bhí tréad mór muc ag inbhear ar an sléibh: agus d’impidheadar air a leigint dóibh dul isteach ionnta.

33 Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na deamhain amach as an duine, agus do chuadar isteach ins na mucaibh: agus do rith an tréad de ruathar le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad.

34 Agus nuair do chonnaic siad‐san a bhí g‐á mbuachailleacht an nidh tharla, do theicheadar, agus d’inniseadar sa gcathair agus sa tír é.

35 Agus do chuadar amach go bhfeicfidís créad do thuit amach; agus thángadar chum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imthigh na deamhain, a éadaighe air, agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a ghlain‐mheabhair ag cosaibh Íosa: agus do bhí eagla ortha.

36 Agus d’innis siad‐san do chonnaic é cionnas mar slánuigheadh an duine ’n‐a raibh na deamhain.

37 Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.

38 Acht an fear as ar imthigh na deamhain, d’iarr sé d’impidhe air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair: acht do chuir sé uaidh é, g‐á rádh,

39 Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.

40 Agus ag teacht ar ais d’Íosa, do chuir an sluagh fáilte roimhe; óir do bhíodar go léir ag feitheamh leis.

41 Agus féach, tháinig fear darbh ainm Iárus, duine d’uachtaránaibh na sionagóige, agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa, agus d’iarr sé d’impidhe air teacht chum a thighe;

42 óir do bhí inghean amháin aige agus í tuairim dhá bhliadhain déag d’aois, agus do bhí sí ’n‐a luighe i riochtaibh báis. Acht sa tsiubhal dó do bhí an sluagh ag brúghadh air.

43 Agus bean ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, agus go raibh a maoin iomlán caithte aici ar liaghaibh, agus gan leigheas le fágháil aici ó dhuine aca,

44 tháinig sí taobh thiar de, agus do chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait: agus ar an láthair do cuireadh stad leis an sruth fola.

45 Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort.

46 Acht adubhairt Íosa, Do bhain duine éigin liom: óir do mhothuigheas buaidh ag dul amach asam.

47 Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball.

48 Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin.

49 Le linn cainnte dhó, tháinig duine de theaghlach uachtaráin na sionagóige, g‐á rádh, Atá t’inghean tar éis báis; ná cuir a thuilleadh buaidheartha ar an Máighistir.

50 Acht, ar n‐a chlos sin d’Íosa, d’fhreagair sé é, Ná bíodh eagla ort: creid amháin, agus slánóchar í.

51 Agus nuair do shroich sé an teach, níor leig sé d’aoinneach teacht isteach i n‐éinfheacht leis, acht Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

52 Agus do bhíodar go léir ag gol, agus g‐á caoineadh: acht adubhairt seisean, Ná bidhidh ag gol; ní marbh atá sí, acht n‐a codladh.

53 Agus do‐rinneadar gáiridhe magamhail faoi, agus a fhios aca go raibh sí marbh.

54 Acht do rug seisean ar láimh uirthi, agus do ghlaodh sé os árd, A chailín, éirigh.

55 Agus tháinig a h‐anam ar ais, agus d’éirigh sí aniar ar an láthair: agus d’órduigh seisean rud le n’ithe thabhairt dí.

56 Agus do bhí iongnadh an‐mhór ar a h‐athair agus ar a máthair; acht d’órduigh sé dhóibh gan a innsin d’aon duine créad do bhí déanta.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí