Lúcás 8:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Agus ní fhuil aon duine, ar lasadh lóchrainn dó, chumhduigheas fá bhéal soithigh é, nó chuireas fá leabaidh é; acht cuireann sé ar choinnleoir é, i dtreo go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 “Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Agus ní fhuil aoinneach a lasas coinneal, a fholuigheas le soitheach ná a chuireas faoi leabaidh í, acht cuireann sé ar choinnleoir í, chun go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Achd ní bhfuil neach ar bith, lasas coinneall, fholchas fáoi shouightheach í, ná chuireas fáoi leabuidh í; achd cuiridh sé a gcoinnleóir í, do chum go bhfaicfheadh an luchd théid a sdeach an solas. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198116 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas. Féach an chaibidil |