Lúcás 8:16 - An Bíobla Naofa 198116 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 “Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Agus ní fhuil aoinneach a lasas coinneal, a fholuigheas le soitheach ná a chuireas faoi leabaidh í, acht cuireann sé ar choinnleoir í, chun go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Agus ní fhuil aon duine, ar lasadh lóchrainn dó, chumhduigheas fá bhéal soithigh é, nó chuireas fá leabaidh é; acht cuireann sé ar choinnleoir é, i dtreo go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Achd ní bhfuil neach ar bith, lasas coinneall, fholchas fáoi shouightheach í, ná chuireas fáoi leabuidh í; achd cuiridh sé a gcoinnleóir í, do chum go bhfaicfheadh an luchd théid a sdeach an solas. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas. Féach an chaibidil |