Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Mar ní chuirtear ní i bhfolach nach nochtfar, mar níl rún ann nach mbeidh ar eolas agus nach bhfionnfar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Óir ní fhuil dadamh foluighthe nach bhfoillseochar, ná ceilte, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chun soluis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Oír ní bhfuil éin ní foluightheach, nach déuntar follas; na secréideach, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chum soillsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:17
6 Tagairtí Cros  

Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois, déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.


Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.


Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.


Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeadh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfadh sé chun solais.


Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí