Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Tugaigí aird mar sin cad é mar éisteann sibh; mar cuirfear ní leis an té a bhfuil aige, agus bainfear an ní a shíleas sé atá aige den té sin féin nach bhfuil ní aige.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Coimhéadáigidh, ar an adhbhar sin, cad é mar chluin sibh. Óir an té a bhfuil aige, bhéarfar dó, agus cibé ar bith nach bhfuil aige, bainfear uaidh fiú an méid a mheasas sé a bheith aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire ribh cionnas éisdeas sibh: óir gidh be neach agá bhfuil, is dó do bhéarthar; agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear do bheith aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Féachaidh, d’á bhrigh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:18
25 Tagairtí Cros  

Óir an té ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil éinnidh aige, bainfear de fiú amháin a bhfuil aige.


Óir an té ag a bhfuil nidh dobhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh fiú amháin a bhfuil aige.


Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc:


Adeirim libh, go dtabharfar do’n té ag a bhfuil éinnidh; acht an té nach bhfuil éinnídh aige, bainfear de a bhfuil aige.


Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.


Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha.


Ar an adhbhar sin do chuireas fios ort‐sa; agus is maith do‐rinnis agus teacht. Sin é an fáth go bhfuilmíd uile láithreach annso i bhfiadhnaise Dé, chum bheith ag éisteacht le gach ar órduigh Dia dhuit a rádh.


Agus bhíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ghlacadas an briathar go díoghraiseach, ag cuardach na scrioptúir gach lá d’fhéachain an raibh na neithe sin amhlaidh.


Óir adeirim, thríd an ngrása tugadh dhom, le gach duine ’n‐bhur measc, gan meas níos áirde ’ná ba chóir do bheith aige air féin, acht machtnamh stuamdha do déanamh, do réir mar roinn Dia ar gach duine a mhiosúr féin de chreideamh.


Má mheasann aon duine gur fáidh nó duine spioradálta é, adhmhuigheadh sé, na neithe scríobhaim chugaibh, gur ab iad aitheanta an Tighearna iad.


Ná mealladh aon duine é féin. Má mheasann aon duine dhíbh bheith glic san tsaoghal so, bíodh sé ’n‐a amadán, chum go n‐éireochadh sé glic.


Má mheasann aoinneach go bhfuil eolas ar aon nidh aige, ní fhuil eolas aige ar nidh ar bith mar ba chóir;


gan muinighin bheith againn as an bhfeoil: gidh go mb’ fhéidir liom‐sa muinighin do chur as an bhfeoil féin: má’s dóigh le h‐aoinneach gur féidir leis muinighin do chur as an bhfeoil, is mó ’ná sin is féidir liom‐sa:


D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí