Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus Ióhanna bean Chúsa, feadhmannach loruaith, agus Súsanna, agus mórán eile díobh‐san do bhí ag friotháileamh air as a ngustal féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus Ioanna, bean Chúsa, stiubhard Ioruaidh, agus Susanna agus mórán eile, a bhíodh ag freastal air as a maoin féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do chaith risean dá máoin féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus Ióánna bean Chúza, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:3
19 Tagairtí Cros  

Ins an am sin do‐chuala Ioruath, an téatrarc, an t‐iomrádh ar Íosa,


Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair.


Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath.


Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig.


Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é.


Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhéidhead‐sa i gcómhnaidhe i n‐bhúr bhfochair.


agus adubhradar, Go fírinneach do b’é Mac Dé é sin. Agus do bhí ann mórán ban i bhfad uaidh ag féachain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag friotháileamh air:


Agus do b’iad Máire Mhagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Shéamais, agus na mná eile do bhí n‐a bhfochair d’innis na neithe sin do na h‐abstalaibh.


Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.


Agus san eaglais do bhí i nAntuaigh do bhí fáidhe agus teagascóirí, ar a raibh Barnabas, agus Símeon Dubh, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Churéné, agus Manaén cómhdhalta Ioruaith tetrarcha, agus Saul.


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


Beannuigheann na naoimh go léir daoibh, iad‐san go mórmhór bhaineas le lucht tighe Chéasair.


deagh‐theist bheith uirthi ás ucht deagh‐ghníomhartha; má tá clann oilte aici: má chuir sí fáilte roimh stróinséiribh, má nigh sí cosa na naomh, má chug sí fóirithin ar lucht aindeise, má lean sí go dícheallach do gach saghas deagh‐ghnímh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí