Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 8:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do chaith risean dá máoin féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus Ioanna, bean Chúsa, stiubhard Ioruaidh, agus Susanna agus mórán eile, a bhíodh ag freastal air as a maoin féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus Ióhanna bean Chúsa, feadhmannach loruaith, agus Súsanna, agus mórán eile díobh‐san do bhí ag friotháileamh air as a ngustal féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus Ióánna bean Chúza, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:3
19 Tagairtí Cros  

Acht cía misi, agus cred íad mo dhaoine, as a mbiadh ionnuinn ofráil an comhthoilteanach so air an modhsa? óir is uáitse thig gach uile ní, agus dot chuid feín thugamar dhuit.


Acht biáidh a ceannuigheacht agus a túarusdal na náomhthacht don TIGHEARNA: ní hionnmhusfuighthear é agus ní cuirfighear a ttaisgidh é: óir biáidh a ceannuigheachd ag an ndroing aitreabhus a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, dithe a sáithe, agus chum éaduigh bhuáin.


Fa a námsin do chúalaidh Iórúaith an Téatrarca clú Iósa,


Oír do ghlac Iorúaith Eóin, agus do cheangáil sé é, agus do théilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mna Philib a dhearbráthar féin.


Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith:


Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr.


Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine.


Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.


Oír béid boich do ghnáth agaibh; achd ní bhía misi do ghnáth bhur bhfochair.


Agus do bhadar ann sin móran ban ag féachain air a bhfad úadh, no lean Iósa ón Ghalile, ag déanamh seirbhise dhó.


Achd a si Muire Mhaghalén, agus Iónna, afus Muire mathair Shéumais, agus na mná eile do bhí maille ríu, dinnis na neithesi do na heasbuil.


Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann.


Agus do bhadar a neagluis na Hantíochia faidhe áirighe agus luchd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirthí Niger, ugus Lúcius ó Chiréne, agus Manahen, comhalta Ioruáidh an tetrarcha, agus Saul.


Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.


Cuirid na naóimh uile a mbeannachd chuguibh, agus go mórmhór an dream atá do luchd tighe Shéusair.


Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí