Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus an dáréag i n‐éinfheacht leis, agus roinnt ban do leigheasadh ó ainspioraidibh agus ó aicídibh, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imthigh seacht ndeamhain amach,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus dornán ban a leigheasadh ó dhrochdheamhain agus ó aicídí: Muire, ar tugadh Maghdaléanach uirthi, ar dibríodh seacht ndeamhan aisti,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus mná áirithe a leigheasadh ó ainspioraid agus ó ghalair: Máire, dá ngoirtear Magdailéin, as a ndeachaidh seacht ndeamhain amach,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh; na seacht ndeamhain aisti,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach–a raibh seacht ndeamhan imithe aisti–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:2
11 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Agus nuair do bhí an tsabóid thart, do cheannuigh Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais, agus Salómé spíosraidhe, chum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é.


Agus nuair d’aiséirigh sé go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, do thaisbeán sé é féin ar dtús do Mháire Mhagdaléné, as ar chuir sé amach seacht ndeamhain.


Agus do bhí sluagh mór daoine g‐á leanamhain, agus mná, agus iad ag caoin‐ghol agus ag déanamh truaighe dhó.


Agus a lucht aitheantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do sheasadar i bhfad uaidh, ag féachain ar na neithibh sin.


Agus na mná tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a dhiaidh, agus do chonnacadar an tuama, agus cionnas bhí a chorp curtha ann.


Agus d’fhiafruigh Íosa dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean, Léigiún; óir do bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.


Mar sin do‐rinne na saighdiúirí. Acht do bhí ’n‐a seasamh i n‐aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chléopais, agus Máire Mhagdaléne.


Do bhíodar uile ag leanamhain de thoil a chéile i n‐urnaighe, mar aon leis na mnáibh, agus le Muire máthair Íosa, agus le n‐a bhráithreachaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí