Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh; na seacht ndeamhain aisti,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus dornán ban a leigheasadh ó dhrochdheamhain agus ó aicídí: Muire, ar tugadh Maghdaléanach uirthi, ar dibríodh seacht ndeamhan aisti,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus mná áirithe a leigheasadh ó ainspioraid agus ó ghalair: Máire, dá ngoirtear Magdailéin, as a ndeachaidh seacht ndeamhain amach,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus an dáréag i n‐éinfheacht leis, agus roinnt ban do leigheasadh ó ainspioraidibh agus ó aicídibh, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imthigh seacht ndeamhain amach,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach–a raibh seacht ndeamhan imithe aisti–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:2
11 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa.


Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain.


Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air.


Agus a lucht aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe sin.


Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chonacadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha ann.


Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.


Agus bhi ’n-a seasamh i n-aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chleophais, agus Máire Mhaghdalén.


Bhíodar san go léir ag leanmhaint do thoil a chéile i n-úrnuighthe mar aon leir na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le n-a bhráithribh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí