Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabhail tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh leis tríd na cathracha agus na bailte beaga, agus é ag seanmóireacht agus ag tabhairt dea-scéal ríocht Dé chucu. Agus bhí an dáréag ina chuideachta,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus thárla ina dhiaidh sin gur thaisteal sé cathracha agus bailte, ag seanmóir agus ag craobhscaoileadh ríoghacht Dé, agus mar aon leis an dáréag,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé tré chathrachaibh agus tré bhailtibh beaga, ag seanmórú agus ag craobhscaoileadh soiscéil ríoghachta Dé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na fhochair,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dhea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag dá thionlacan

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:1
18 Tagairtí Cros  

Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin.


Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta.


Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.


Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.


Agus do thárla, lá de sna láethantaibh sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobhsgaoileadh na tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí,


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Agus táimíd ’á chur i n-iúil daoibhse cad í an gheallamhaint a tugadh d’ár n-aithreachaibh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí